Εκτύπωση

Creidim in aon Dia amháin, an tAthair uilechumhachtach, a rinne neamh agus talamh agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.

Agus in aon Tiarna amháin, Íosa Críost, AonMhac Dé, an té a rugadh ón Athair sula raibh aon saol ann, Dia ó Dhia, solas ó sholas, fíorDhia ó fhíorDhia; an té a gineadh agus nach ndearnadh, agus atá d'aon substaint leis an Athair; is tríd a rinneadh an uile ní. Ar ár son-na an cine daonna, agus ar son ár slánaithe, thuirling sé ó neamh.Ionchollaíodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é i mbroinn na Maighdine Muire agus ghlac sé nádúr daonna. Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son; d'fhulaing sé páis faoi Phontius Píoláit agus adhlacadh é. D'aiséirigh an treas lá de réir na scrioptúr; chuaigh suas ar neamh; tá ina a shuí ar dheis an Athar. Tiocfaigh sé an athuair faoi ghlóir le breighiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.

Creidim sa Spiorad Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha, an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac. Tugtar dó adhradh agus glóir mar aon leis an Athair agus leis an Mac: ba é a labhair trí na fáithe.

Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda. Admhaím an t-aon bhaisteadh amháin chun maithiúnas na bpeacaí. Agus táim ag súil le haiséirí na marbh agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Amen.